
Tá Coláiste Naomh Éinne ar an bhfód ó 1953. Tá sí lonnaithe i mbarr bhaile Chill Rónáin, an príomhbhaile in Inis Mór, tuairim’s 5 nóiméad siúlóide ón gcéibh. Soláthraíonn an scoil oideachas iomlán dara leibhéil tré mheán na Gaeilge agus fé scáth Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Tá scoláireachtaí ar fáil, maoinithe ag Roinn na Gaeltachta tré Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, do dhaoine óga ó thaobh amuigh den Ghaeltacht atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá a thuilleadh eolais faoi seo ar an suíomh.
Contact Details
Seoladh | Cill Rónáin, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe |
Teileafón | 099 61184 |
Share